Idir Dhá Uisce

Idir Dhá Uisce
Rugadh mé in Iúraigh ar ceann tráigh, áit a ngearran an Ghleann Rí fríd na sléibhte chun Loch Cairlinn. Nuair a bhí mé óg, bhí ceangal teann agam leis an dúlra agus mo cheantar fhéin, agus mar a bhí, mar atá. Ach chan fhaca mé an bealach a bheidh romham: An Ghaelg.
Ar ndóigh, ní cainteoir dúchais mé, tógadh an phribhléid sin ó mo mhuintir faraor. Fuair mo shinsear dúchais deireanach bás i 1915, Atty Campbell as Carn Ailigh insa Chreagán, Ard Mhacha theas. Nuair a bhí mise i mo bhuachaillín, bhí Gaelg ar chomharthaí sráide, an CLG agus na cluichí ar TG4, ach char labhair mé í. D’aithris mé an ‘Sé do Bheatha Mhuire’ ar bunscoil, ach char dtuig mé é. D’fhoghlaim mé í mar theanga sa mheánscoil, ach cha ndearna mé í don GSCE. Cha ndeachaigh mé go dtí an Ghaeltacht Thír Chonaill.
Chuaigh mé go hOllscoil Aberystwyth (Pryfysgol Aberystwyth) i Bhreatain Bheag. Ansiúd, chloisfinn an Bhreatnais á labhairt go minic, agus spreag sé mo spéis i mo theanga fhéin (go rabh maith agat a Bhreatain Bheag!). Is ann a d’fhoghlaim mé a focal ‘hiraeth’, ciallaíonn sé ‘síreacht’ i nGaelg, bheith dúilmhear agat i d’oidhreact, i do mhuintir agus do theanga. Tá neart ‘hiraeth’ agam ar son Éirinn agus Saol na nGael.
Tá mo chroí istigh go mór sa dhúlra ar feadh mo bhí. Bhí mé fá dhraíocht ag an chuil chrónáin ag damhsadh ag an fhuinneog, nó ag cruinniú damhain-allaidh sa chúl, agus ag bolú na bláthanna léana. Bhí tionchar ag an dúlra agus eolaíocht a fuair mé a shaol ar fad, agus cúig bliana déag ina dhéidh, tá mé sa alltar sin go seadh! Anois, is éiceolaí agus luibheolaí mé (i measc rudaí eile) agus tá a fhios agam gurb é seo an bhóthar is gá domh a shiúl.
Is iad na logainmneacha an nasc idir éiceolaíocht agus an Ghaelg i mo bharúil. I mo cheantar fhéin, Oirialla (oirdheisceart Uladh), tá Achadh na bhFiach agus Achadh Bhile ann. Níl na fiacha imithe ón achadh sin ar fhánaí Shliabh gCuircín, ach tá na bilí imithe onár radharc ar fud na tíre. Léiríonn logainmneacha dúinn atá caillte againn. Ní fheicfidh tú iolar ar an Droim an Iolar agus ní dhreapaidh tú na crainn mhóra sa Dhoire Átha Buí níos mó. Dhíothaigh muid an aoibhneas mara agus tíre fríd caipitleachas, nualiobrálachas agus coilíneachas. Ach níl deireadh caillte fós. Amharcfaidh tú na fuinseoga ar an Chorrfhuinseogach in aice leis an Iúir agus na fofannaigh ar Fofannaigh Bhán i gCill Chua. Tá an nasc láidir i gcónaí.
Tá an t-ádh dearg orm a bheith as Oirialla agus is fear Ultach agus Dúnach bródúil mé. Bhí sé ar cheann de na Gaeltachta deireanach ar an chósta thoir. Is féidir leat seasamh in Ó Méith i gCondae Lú agus más éisteann tú go cáiréiseach, cloisfidh tú an ceol binn agus na guthanna ársa ó ghlúin go glúin. Ach seasann tú fá scáth dís bhan: An Bhean Fhada agus Anna Uí Annluain. Ba í Anna an duine deireanach dá leithéid agus is scéal brónach í. Ach is féidir leat a dhéanamh cnuasaigh dúlamán as an chloch riabhach léi agus an t-amhrán a chanadh fosta. Ní gá domh é a aimsiú Tír na hÓige, tá sé anseo i measc na feamainne rua agus fá fhód dílis!
Tuigim anois go bhfuil mo ghrá don eolaíocht agus mo chultúr íomha ar a chéile iad – tá dlúthcheangal eatarthu – tá mé ann idir dhá uisce. Tá grá agam don eolaíocht agus stair an dúlra ar feadh mo shaol ar fad, ach ní féidir liom dearmad a dhéanamh mo shinsir agus a gcuid ceol, a mbéaloideas nó a dteanga a chruthaíonn an talamh álainn thart orainn.
Bainigí sult as Seachtain na Gaeilge 2025!
‘Ó, bheinnse mar ba ghnách liom go haignidh is óg,
Bheirfinn fuaim as na clárthaí leis aird mo cheoil,
D’ársóinn scéal daoibh le onóir is le feidhm,
Sé mur chéad míle fáilte chuige Pátrún Ó Méith’